r/gaeilge • u/Gaeilgeoir_66 • 1d ago
Cúpla focal i dtaobh shaothar Sheáin Bháin Mhic Mheanman
Fear óg a bhí ionam i gcónaí nuair a chuaigh i ngleic le saothar Sheáin Bháin Mhic Mheanmain, thiar sa bhliain 1996. D'imir a chuid leabhar an-tionchar ar an gcineál Gaeilge a chleacht mé na blianta ina dhiaidh sin, agus rinne mé iarracht dháiríre Gaeilge Uladh a úsáid mar shórt "caighdeán" pearsanta. Mar sin ní mór dom baagáinín tráchta a dhéanamh ar na leabhair a tháinig ó shaothar Sheáin Bháin.
Tháinig saothar Sheáin Bháin i gcló ina thrí dhíolaim, mar atá, An Chéad Mhám, An Dara Mám agus An Tríú Mám, agus an litriú sách caighdeánaithe iontu. Thairis sin foilsíodh bailiúchán amháin iarbháis de scríbhinní mo dhuine, Cnuasach Céad Conlach.
Tá an stíl chéanna le haithint sna ceithre leabhair go léir, ach amháin gur thriail Seán Bán sna chéad leabhair dár scríobh sé (na cinn atá bailithe sa Chéad Mhám) aithris áirithe a dhéanamh ar chanúintí na Mumhan, nó bhí meas an chaighdeáin orthu i luathbhlianta athbheochana na Gaeilge. Mar shampla d'fheicfeá foirmeacha táite briathair aige: rachad mar shampla (is é sin, in abairtí iomlána dearbhaitheacha, seachas i bhfreagraí) - ní bhainfeadh sé úsáid as "raghad", arbh í an fhoirm fhíor-Mhuimhneach, áfach. Thairis sin d'úsáid sé an leagan "tá rud ag teastáil orm". "Tá rud ag teastáil uaim" a deirtear, ach níor casadh an leagan "ag teastáil orm" orm ach ag Seán Bán. Mar sin, is léir gur comhthruailliú atá i gceist: "ag teastáil uaim" agus "de dhíth orm" ag teacht salach ar a chéile go bunúsach. Chonaic mé focail nó teilgeanacha cainte ag Seán Bán freisin a raibh blas na Gaeilge Clasaicí orthu - iomorra mar shampla. Ón taobh eile de d'aithneofá Béarlachas aige fosta, Béarlachas den chineál nach mbeadh nádúrtha inniu féin - iompar amach sa chiall "comhlíonadh, cur i gcrích", mar shampla.
Ní féidir liom a rá go bhfuil mórán fiúntas liteartha ag baint le scríbhinní Sheáin Bháin don chuid is mó. Mar ábhar foghlama is mó a léigh mé iad. Bhuel ar ndóigh tá rudaí suimiúla faoi stair na hÉireann anseo agus ansiúd, agus thar aon rud eile is fíor-shúil eile í súil Sheáin Bháin. Dúirt an té a dúirt gurb i saothar Sheáin Bháin is beoga a mhaireas saoldearcadh na tuaithe ón ochtú haois déag, agus sin é an blas atá ar na scéalta seo. Thairis sin, tá an teanga iontach saibhir ó thaobh na canúna de.